Clúdaíonn Páirc Náisiúnta Chonamara 2,000 heicteár de shléibhte áille, de limistéir portach, de fhraochmhánna, d’fhéaraigh agus de choillearnacha i gContae na Gaillimhe. Is cuid de na Beanna Beola iad roinnt de shléibhte na Páirce Náisiúnta, amhail An Bhinn Bhán, An Chailleach, An Bhinn Bhreac agus Mucanacht go háirithe.
Osclaíodh an Pháirc Náisiúnta don phobal in 1980, agus tá tailte inti a mbíodh ina gcodanna d’Eastát Mhainistir na Coille Móire, de Scoil Saothair Leitir Fraic, agus de mhaoin phríobháideach Richard ‘Humanity Dick’ Martin, ar chabhraigh sé leis an gCumann um Fhóirithint ar Ainmhithe a bhunú. Faigh tuilleadh amach faoi na conairí siúil, faoi na gnáthóga faoi leith agus faoin bhflóra agus fána álainn atá sa pháirc.
An Dúlra & Caomhnú Rudaí le Déanamh